Scríobh Jimí é féin filíocht. Chum sé filíocht agus amhráin i mBéarla nuair a bhí sé thall in Albain. Chum sé dán lá ar an phortach. Scríobh sé síos é nuair a chuaigh sé chun an bhaile. Rinne Michelle (iníon s’aige) Béal Binn leis an phíosa filíochta a rinne sé. Bhí sí 11 bliain agus fuair sí an chéad áit leis. Chum sé píosaí eile ina dhiaidh sin. Bhí fear as Béal Feirste ag iarraidh scannán a dhéanamh de phíosa agus bhí sé ag cuartú cead ó Jimí. Úsáideadh píosa agus shínigh sé conradh leis an BBC le cead an píosa a úsáid. Nuair a bhí sé le bheith ar an teilifís, choimhéad sé air. Bhí sé air dhá uair agus bhí sé breá sásta leis. Fuair sé £60 ar achan trí soicind. Rinne an BBC scannán sa teach, fuair siad píosaí filíochta/scríbhneoireachta. Tá amhrán a chum sé ar téip. | 00:06:42 | |